A bhuí leis an Monatóir staitisticí, is fusa d'iriseoirí sonraí ó Eurostat, cuir i gcás faoin imirce nó faoin bhfás eacnamaíoch, a rochtain agus a úsáid. Mar chuid den uirlis:
- úsáidtear cairteacha chun sonraí uimhriúla a léiriú – is féidir na sonraí sin a leasú de réir do riachtanais féin
- déantar anailís ar shonraí úra chun treochtaí nua agus asluitigh a dhéanamh amach le cabhrú leat ábhar nuachta a aimsiú
- is féidir féachaint ar na fothaí nuachta agus ar na cairteacha is déanaí am ar bith.
Tá an tráthúlacht ar cheann de bhuanna na huirlise seo: is féidir leas a bhaint as trí chlárú le fotha RSS an Mhonatóra Staitisticí. Ina theannta sin, is féidir:
- ábhair scéil a fháil trí ríomhphost
- cairteacha a shórtáil de réir eatramh ama, tíre nó athróga eile
- an cineál cairte agus dath na cairte a athrú
- na tacair sonraí a íoslódáil i bhformáidí éagsúla.
Sa bhreis air sin, aistrítear cairteacha go deich dteanga go huathoibríoch.
Tá an Monatóir staitisticí á reáchtáil ag an tseirbhís nuachta Newsworthy agus forbartha ag Journalism++ agus LocalFocus
Tá an uirlis ar fáil sna teangacha seo: Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Spáinnis, Portaingéilis, Polainnis agus Cróitis.
Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Data Source
Eurostat
Subject
Eurostat
Functionality
Data visualisation
Statistics
Link to application
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)