Cad a cheannaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an gcóras soláthair phoiblí, cad iad na táirgí/seirbhísí is mó a cheannaítear, agus cé na cineálacha conarthaí a bhronntar? Cad a cheannaíonn siad faoi chonarthaí áirithe agus cé na soláthraithe atá acu? Cé na deiseanna atá ar líne cheana agus cé na deiseanna ar féidir coinne a bheith leo amach anseo?
Tugtar freagraí ar na ceisteanna sin, agus tuilleadh mar iad, in Ardán C4P – buaiteoir EU Datathon 2017. Ní gá ach cúpla cnaipe a chliceáil le heolas a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh – tugtar léargas cuimsitheach ar an margadh sin agus déantar anailís mhion ar cheannaitheoirí, soláthraithe, réimsí seirbhíse agus ar dheiseanna atá ann don soláthraí aonair.
Is é an chaoi a ngintear eolas in C4P go ndéantar anailísíocht sonraí ar shonraí soláthair na hearnála poiblí as ted.europa.eu (TED) agus ar shonraí as Córas Trédhearcachta Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh. Nuashonraítear é láithreach má dhéanann an Coimisiún athrú ar na tacair shonraí ábhartha.
Tá C4P ceaptha cabhrú le lucht gnó a straitéis maidir le deiseanna soláthair phoiblí AE a bhunú ar thuarascálacha atá bunaithe ar fhianaise. Tacaíonn sé le gnólachtaí feadh a saolré bainistithe deiseanna, ón uair a shainítear an straitéis gnó go dtí ullmhú na tairisceana agus bainistiú inneachair.
Is i mBéarla atá an aip seo.