Cuireann an Fhaireachlann Eorpach um Breoslaí Malartacha (EAFO) staitisticí ar fáil faoi bhreoslaí malartacha mar aon le faisnéis a chuidíonn le forbairt na mbreoslaí malartacha san Eoraip a chur chun cinn. Is éard is aidhm di aghaidh a thabhairt ar róspleáchas na hEorpa ar ola agus leas an chomhshaoil a dhéanamh.
Cuimsítear sa suíomh seo, a bhfuil forbairt á déanamh go fóill féin air, leictreachas, hidrigin agus gás nádúrtha ach cuimseofar bithbhreoslaí agus GPL ann go luath. Déanann EAFO seiceáil cáilíochta ar na sonraí uile chun a chinntiú gur féidir iontaoibh a thabhairt leo.
Baintear earraíocht as sonraí EAFO go minic le haghaidh taighde agus anailíse ionas gur féidir moltaí a chuir faoi bhráid lucht ceaptha beartas agus páirtithe leasmhara.
An mian leat tuilleadh eolais a fháil ina thaobh seo nó sonraí faoi choinne an tionscadail a chur chugainn? Más ea, déan teagmháil le foireann EAFO ag an seoladh seo a leanas: info@eafo.eu.
Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Data Source
European Alternative Fuels Observatory
Subject
fuinneamh
An comhshaol
Iompar
Functionality
Data visualisation
Statistics
Link to application
Language
Gaeilge (ga)