
Is éard atá san Atlas Staitistiúil amharcóir idirghníomhach a úsáidtear le haghaidh léarscáileanna staitistiúla agus topagrafacha. Tá léarscáileanna uile bhliainiris réigiúnach Eurostat san Atlas, agus iad rangaithe de réir téama. Is féidir na léarscáileanna a íoslódáil mar PDFanna ardtaifigh.
Cuimsítear go mionsonrach san Atlas raon leathan de théamaí staitistiúla, a fhad a bhaineann siad le réigiúin an Aontais Eorpaigh, réigiúin thíortha an EFTA (Comhlachas Saorthrádála na hEorpa) agus réigiúin na dtíortha atá ina n-iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas.
Tá roinnt mhaith feidhmeanna agus roghanna ann chun cuidiú leat na sonraí staitistiúla atá uait a aimsiú agus eolas níos fearr a chur ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Chun tuilleadh eolais a chur ar a bhfuil san Atlas, cliceáil ar chnaipe an chomhartha ceiste, agus atreorófar chuig an Eolaire thú.
Tá mórchuid dóigheanna leis an léarscáil a úsáid, cuir i gcás roinnt ‘léarscáileanna bunaidh’ a nascadh le chéile nó na sonraí staitistiúla a rochtain a úsáideadh chun an léarscáil a chruthú, agus dá bharr sin tugann an tAtlas idirghníomhach seo léargas úr agus neamhghnách ar chríocha an Aontais Eorpaigh, ar chríocha an EFTA agus ar chríocha na dtíortha atá ina n-iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas.
I mBéarla amháin atá an tAtlas Staitistiúil le fáil.