Tá Fís 2020 ar an gclár taighde agus nuálaíochta is mó dá raibh riamh ag an Aontas Eorpach. Cuirfear isteach agus amach le €80 billiún de mhaoiniú ar fáil thar thréimhse seacht mbliana (2014 go 2020).
Le EURI Trends féadfaidh tú teacht go héasca ar eolas faoi na tionscadail atá á maoiniú leis an gclár agus faoi na heagraíochtaí atá páirteach ann. Tá nithe éagsúla ann chun cuidiú leat na sonraí ar fad a chíoradh, e.g. néalta focal, cairteacha bolgán agus léarscáileanna idirghníomhacha.
Thairis sin, is féidir breathnú ar na treochtaí sna hinfheistíochtaí atá déanta ag an Aontas, ag rialtais agus ag gnólachtaí príobháideacha de réir earnála, agus comparáid a dhéanamh idir sonraí ón gclár Fís 2020 agus sonraí ón gcreatchlár a bhí ann roimhe seo (FP7).
Cuireadh EURI Trends ar ghearrliosta EU Datathon 2018.