Ar an Deais Staitistiúil faoin Téarnamh san Eoraip tá uirlis idirghníomhach fhísiúil atá nasctha le bunachar sonraí Eurostat. Is féidir gach táscaire a fhiosrú trí úsáid a bhaint as cairt idirghníomhach, agus is féidir comparáid a dhéanamh idir tíortha agus tréimhsí ama éagsúla freisin. Is féidir na sonraí a íoslódáil agus a athúsáid. Gach mí cuirfear sonraí nua leis an deais agus cuirfear síos ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. Tá táscairí nua beartaithe chomh maith.
Maidir leis an tsaolré atá beartaithe don deais: an lá a bheidh gach duine ar aon intinn go bhfuil an téarnamh curtha i gcrích againn, ní bheidh gá a thuilleadh leis an deais ‘téarnaimh’.