
Soláthraíonn DataM sonraí faoi eacnamaíocht na talmhaíochta Bíonn na sonraí sin bunaithe ar an obair eolaíoch a dhéanann Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh.
Ar an suíomh gréasáin tá idir ailt eolaíocha thraidisiúnta agus tuarascálacha a mbíonn grafaicí nua-aimseartha idirghníomhacha ag dul leo chun na fíricí agus na staitisticí is tábhachtaí a léiriú.
Ar an réimsí den talmhaíochta a chuimsítear tá: trádáil agus táirgiúlacht, teicneolaíocht (e.g. orgánaigh ghéinmhodhnaithe, leasacháin), an bithgheilleagar, an t-athrú aeráide, slándáil bia, cothú, tíortha atá i mbéal forbartha, feirmeacha agus forbairt na tuaithe.
Ina theannta sin cuirtear ar fáil ar an suíomh na tacair sonraí loma a ullmhaíonn an JRC.