Is córas faireacháin ar na meáin é MEDISYS lena gcuirtear faireachas bunaithe ar imeachtaí ar fáil chun bagairtí féideartha do shláinte an phobail a shainaithint go tapa trí úsáid a bhaint as faisnéis ó thuairiscí sna meáin. Ní thaispeánann an córas ach amháin na hailt atá chun leasa na sláinte poiblí (e.g. galair, lotnaidí plandaí, substaintí sícighníomhacha), déanann sé anailís ar thuairiscí nuachta agus tugann sé rabhadh d’úsáideoirí trí fholáirimh uathghinte. Is ón Europe Media Monitor, a d’fhorbair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, a thagann an fhaisnéis a phróiseálann MEDISYS.
Cuirtear fotha beo RSS a bhaineann le gach cainéal nuachta ar fáil tríd an tseirbhís.