
Baineann an suíomh gréasáin https://www.iconcepts.at/covid19/ úsáid as tacair sonraí ó dhá chomhlacht dhifriúla:
baintear úsáid as tacair sonraí ón Roinn Sláinte sna léaráidí atá sa rannán a bhaineann leis an Ostair-Cúigí-Ceantair; baintear úsáid as tacair sonraí ón ECDC sa rannán a bhaineann leis an domhan ar fad.
Tá an iliomad léaráidí agus léarscáileanna idirghníomhacha ar an suíomh gréasáin.
(Féadfaidh tú an cúrsóir a chur thar ghnéithe éagsúla ar an léaráid, sin nó cliceáil nó deas-chliceáil orthu)
Is tionscadal príobháideach é seo agus déantar nuashonrú ar na sonraí uair sa lá. Is iondúil go ndéantar nuashonrú ar shonraí ECDC faoin 14:00.
Cuireadh an leathanach ar fáil ar dtús sa Ghearmáinis. Anois, féadfaidh úsáideoirí an Ghearmáinis nó an Béarla a roghnú agus dul idir an dá theanga sin ar gach leathanach.